Ceisteanna
Bealach maith le cabhrú le daoine eile ábhar a mhachnamh
is ea ceist a chur orthu ina leith. Nuair a cuirtear ceist mhaith, cuidíonn
sé linn eolas a tharraingt le chéile, na smaointe atá
againn a mheas agus smaointe nua a chruthú.
Ceistiú Sócraiteach a tugtar air cheisteanna a
chur go sonrach le cuidiú le daoine foghlam, ainm a thagraíonn
do Shócrait sa Ghéig Ársa.
Ní mór, le ciesteanna shócraiteacha, éisteach
go han-chúramach leis an duine eile le cuidiú leat do cheist
a mheas agus a chur ar bhealach cuiditheach, inchiallaithe agus neamhionsaitheach.
Samplaí iad seo dá leithéid de cheisteanna:
Ceisteanna léiriúcháin
-
Céard atá i gceist agat nuair a deir tú ______?
-
Cén phríomhphointe atá agat?
-
Cén chaoi a mbaineann _____ le _____?
-
An bhféadfá é sin a rá ar shlí eile?
-
Fan go bhfeicfidh mé an dtuigim i gceart thú; an é
_____ nó _____ atá i gceist agat?
-
Cén chaoi a gceanglaíonn sé seo leis an bhfadhb/ábhar
plé/leis an gceist s'againne?
-
Orla, an bhféadfá achoimre a thabhairt i do chuid focail
féin ar an méid a dúirt Darach? ... Dharach, an é
sin a bhí i gceist agat?
-
An bhféadfá sampla a thabhairt dom?
-
An sampla maith é _____ de sin?
Ceisteanna a thóraíonn foshuíomhanna
-
Céard lena bhfuil tú ag glacadh anseo?
-
Céard lena bhfuil Sinéad ag glacadh?
-
Céard eile a bhféadfaimis glacadh leis ina áit?
-
Deabhraíonn sé go bhfuil tú ag glacadh leis go _____.
An dtuigim i gceart thú?
-
Tá do chuid réasúnaíochta ar fad ag brath ar
an tuairim go _____. Cén fáth ar bhunaigh tú do réasúnaíocht
ar _____ seachas _____?
-
Deabhraíonn sé go nglacann tú leis _____. Cén
chaoi a bhfírinníonn tú glacadh leis sin?
-
An mar sin a bhíonn i gcónaí? Cén fáth
a gceapann tú gur fíor an foshuíomh anseo?
-
Cén fáth go nglacfadh duine leis gur fíor sin?
Ceisteanna a thóraíonn cúiseanna agus fianaise
-
An bhféadfá do chuid cúiseanna a mhíniú
dúinn?
-
Cén chaoi a mbaineann sé sin leis an gcás seo?
-
An bhfuil aon chúis ann gan brath ar an bhfianaise sin?
-
Cé atá in ann fios a bheith acu gur fíor é
sin?
-
Ceard a déarfá le duine a dúirt go ____?
-
An bhfuil fianaise ag éinne eile le tacú leis an dearacadh
sin?
-
Cén réasúnaíocht a bhí agat le teacht
ar an gconclúid sin?
-
Cá bhfaigheadh muid amach an fíor é sin?
Ceisteanna maidir le dearcadh nó le peirspictíocht
-
Cé atá á impleachtú agat ansin?
-
Nuair a deir tú _____, an bhfuil tú á chur i leith
go _____?
-
Ach,dá dtarlódh sé sin, cén toradh a bheadh
air? Cén fáth?
-
Cén tionchar a bheadh aige sin?
-
An gá go dtarlódh sé sin nó an é nach
bhfuil ann ach seans / dóchúlacht go dtarlódh sé?
-
Cén mhalairt atá ann?
-
Más fíor _____ agus _____, céard eile a d'fhéadfadh
a bheith fíor?
-
Má deirimid go bhfuil ____ eiticiúil, céard faoi _____?
Ceisteanna a thóraíonn impleachtaí agus iarmhairtí
-
Cén chaoi a bhfaighidh muid amach?
-
Céard leis a nglacann an cheist seo?
-
An gcuirfeadh _____ an cheist seo ar bhealach difriúil?
-
An bhfuil réiteach na ceiste seo ag éinne?
-
An féidir linn an cheist seo a bhriseadh síos ar chor ar
bith?
-
An bhfuil an cheist seo soiléir? An dtuigeann muid í?
-
An bhfuil sé éasca nó deacair an cheist seo a fhreagairt?
Cén fáth?
-
An aontaíonn muid ar fad gurb í seo an cheist?
-
Leis an gceist seo a fhreagairt, cé na ceisteanna eile is gá
dúinn a fhreagairt ar dtús?
-
Cén chaoi a gcuirfeadh _____ an saincheist in iúl?
-
Cé tábhacht a bhaineann leis an saincheist seo?
-
An í seo an cheist is tábhachtaí, nó an bhfuil
focheist ann?
-
An bhfeiceann cé mar a cheanglaíonn sé seo le ________?
Ceisteanna curtha in oiriúint ó Paul,
R. (1993). Critical Thinking: How To Prepare Students for a Rapidly Changing
World: Foundation for Critical Thinking, Santa Rosa, CA.
Tuilleadh eolas maidir
le scríobh
Tuilleadh eolais
maidir le léamh